Friday, May 09, 2008

Brúidiúlacht na bPéas

Scríobhas alt faoi bhrúidiúlacht na bPéas do "Beo" an mhí seo (http://www.beo.ie/?page=ar_na_saolta_seo&content_id=610) ach chuir an físeán seo leanas iontas agus alltacht an domhain orm inniu, agus shíl mé go mba cheart dom é a chur suas:

http://www.youtube.com/watch?v=2myV0b9LE7I&feature=related

Cuimhnigh go bhfuil A FHIOS ag na póilíní go bhfuil siad á dtaifeadadh ón ingearán. Céard a dhéanfadh siad don triúir marach é?

Guantánamo Bay

Seo an cillín inar coimeádadh Sami al Hajj ar feadh SÉ BLIANA GO LEITH. B'iriseoir Sami al Hajj, a bhí ag obair leis an stáisiún teilifíse Al Jazeera. Scaoileadh saor é le déanaí gan é a chúiseamh i gcoir ar bith. Céasadh chomh dona sin é nach raibh sé in ann siúl agus é ag teacht amach as an eitleán sa Sudáin.

http://www.mediavr.com/hicks.htm?tr=y&auid=3645040

Tá na céadta príosúnach fós á gcéasadh in Guantánamo Bay, ach, in aghaidh rialacha príosúnachta cogaidh, níor scaoil Rialtas Mheiriceá a n-ainmneacha amach go fóill.