Monday, December 11, 2006

Mo thuairimí is déanaí faoi Linux

Táim ar buile mar gheall ar Linux. Cuireann sé fearg orm go ngeallann na Linuxistas an méid sin nuair nach féidir leis an gcóras leath an oiread sin a dhéanamh.

Ach sin scéal eile.

Mo mholtaí don té atá ag smaoineamh faoi Linux:

  • Bíodh seanríomhaire, nó ríomhaire breise, agat chun an córas a thriail.
  • Bíodh cupla seachtainí agat chun na cineáil uilig a thriail.
  • Bí réidh le trí, ceithre, nó cúig chóras éagsúla a thriail ar do ríomhaire sula n-éiríonn leat.
  • Níl Linux saor in aisce. Beidh ort cupla scór dollar nó Euro a íoc chun leabhair agus DVDs a cheannach leis na distros is mó a fháil i gceart.
  • Beidh tú ag foghlaim raidhse. Bí réidh le sin. Ní hionann Windows agus Linux, agus oibríonn siad ar bhoinn difriúla.

Agus sin a bhfuil le rá agam inniu.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home