Tuesday, August 22, 2006

Teacht Ánna


Bhíomar le bogadh go teach nua ar an 28ú Iúil. Ar an lá céanna, bhí gnáthscrúdú torraíochta ag Jo. Ní rabhamar ag súil le tada ón scrúdú, agus mar sin, chuireas chuig obair an bhogtha le beirt cara agus Jo faoi scrúdú. Ar a 2pm, ghlaoigh sí orm. Ní raibh an scrúdú ag dul go rómhaith - b'fhearr dom teacht láithreach agus bheith ann - ba chosúil go mbeidís á coimeád ar feadh roinnt laethanta nó seachtainí, go dtarlódh breith an linbh.

Ach ní mar sin a tharla. Díreach agus mé tagtha go dtí an t-ospidéal, cuireadh chuile shórt ar athrú treo nuair ba chosúil go raibh an leanbh i dtrioblóid. Cinneadh an páiste a thabhairt ar an saol láithreach agus b'shin mar a tharla. Ar a 627pm rugadh Ánna Máire Ní Bhroin le gearradh Céasarach.

Ní raibh cead agamsa fanacht san ospidéal, agus mar sin, d'fhilleas ar ár n-árasán chun cúnamh a thabhairt do mo chairde, a bhí i mbun obair an bhogtha go fóill. Dé Sathairn rinneamar dhá lucht eile leis an veain, agus thug meitheal mór cairde cúnamh breise dúinn. Oíche Dhomhnaigh bhí mé in ann codladh sa teach nua. Níor bhreathnaigh sé go rómhaith, ach m'anam bhíomhar bogtha.

Bhí Jo agus ár bpáiste nua (nach raibh ainm aici go fóill, dála an scéil) san ospidéal go fóill.

0 Comments:

Post a Comment

<< Home