Monday, November 28, 2011

Why the Irish (and Irish-speaking) communities of North America are Vanishing


Deireadh le Seanré na hImirce Éireannaí i Meiriceá Thuaidh
Tá saol na Gaeilge ag athrú i Meiriceá Thuaidh le tamall anuas. Go dtí na seachtóidí, d'fhéadfaí ceantair agus bailte áirithe a a aimsiú a raibh pobail shuntasacha labhartha Gaeilge iontu, mar Woodlawn Nua Eabhrac, Springfield Massachusetts, agus deisceart Siceágó. Go minic, thagadh imircigh na hÉireann díreach go dtí na háiteanna seo ón bhád nó ón eitleán go bhfaighfidís obair ó dhaoine eile i bpobal na nÉireannach. D'fhanadh siad ina gcónaí sna ceantair seo agus go minic phósadh siad sna pobail chéanna. Ar ndóigh, bhí sé go héasca Gaeilge a aimsiú sna ceantair seo agus an méid sin de mhuintir na Gaeltachta ina gcónaí iontu. D'athraigh gach rud sna seachtóidí, ámh. Agus airgead ag na himircigh, agus clann orthu, agus gluaisteáin acu, scaipeadar amach go dtí na fobhailte. Ní amháin sin, ach bhí na ceantair seo ag athrú freisin, le áitritheoirí nua ag teacht as pobal Gorm an deiscirt agus Hiospáinigh Mheiriceá Theas.

Labels: , , , , , ,

0 Comments:

Post a Comment

<< Home